Coinleach Ghlas An Fhomhair

Jörgen Elofsson

Ar chonnlaigh ghlais an Fhoghmhair
A stóirín gur dhearc mé uaim
Ba deas do chos i mbróig
'Sba ró-dheas do leagan siubhail
Do ghruaidh ar dhath na rósaí
'Sdo chúirníní bhí fighte dlúith
Monuar gan sinn 'ár bpósadh
Nó'r bórd luinge 'triall 'un siubhail

Tá buachaillí na h-áite seo
A' gartha 'gus ag éirghe teann
Is lucht na gcochán árd
A' deánamh fáruis do mo chailín donn
Dá ngluaiseadh Rí na Spáinne
Thar sáile 's a shlóighte cruinn
Bhrúighfinn féar is fásach
'S bhéinn ar láimh le mo chailín donn

Ceannacht buaibh ar aontaigh'
Dá mbínn agus mo chailín donn
Gluais is tar a chéad-searc
Nó go dtéidh muid thar Ghaoth-Bearra 'nonn
Go sgartar ó n-a chéile
Bárr na gcraobh 's an eala ón tuinn
Ní sgarfar sin ó chéile
'S níl ach baois díbh á chur 'n mur gcionn

Chuir mé leitir scríobhtha
Annsoir mo sweetheart agus casaoid ghéar
Chuir sí chugam arís í
Go rabh a croidhe istuigh i lár mo chléibh
Cum na h-eala is míne
Ná'n síoda 's ná cluimh na n-éan
Nach trom an osna ghním-se
Nuair a smaoitighim ar a bheith 'sgaradh léi

'Sé chuala m/e Dé Domhnaigh
Mar chómhrádh 'gabháil eadar mhnáibh
Go rabh sí 'gabháil 'a pósadh
Ar óigfhear dá bhfuil san áit
A stóirín glac mo chomhairle
'S a' foghmhar seo fan mar tá
'S cha leigim le 'bhfuil beo thú
A stór nó 's tú mo ghrádh

Curiosidades sobre la música Coinleach Ghlas An Fhomhair del Clannad

¿En qué álbumes fue lanzada la canción “Coinleach Ghlas An Fhomhair” por Clannad?
Clannad lanzó la canción en los álbumes “Clannad 2” en 1975, “Magical Ring” en 1983, “Past Present” en 1989, “An Díolaim” en 1998, “A Magical Gathering: The Clannad Anthology” en 2002 y “The Best Of Clannad: Clannad Chilled” en 2003.
¿Quién compuso la canción “Coinleach Ghlas An Fhomhair” de Clannad?
La canción “Coinleach Ghlas An Fhomhair” de Clannad fue compuesta por Jörgen Elofsson.

Músicas más populares de Clannad

Otros artistas de New Age